VoyForums
[ Show ]
Support VoyForums
[ Shrink ]
VoyForums Announcement: Programming and providing support for this service has been a labor of love since 1997. We are one of the few services online who values our users' privacy, and have never sold your information. We have even fought hard to defend your privacy in legal cases; however, we've done it with almost no financial support -- paying out of pocket to continue providing the service. Due to the issues imposed on us by advertisers, we also stopped hosting most ads on the forums many years ago. We hope you appreciate our efforts.

Show your support by donating any amount. (Note: We are still technically a for-profit company, so your contribution is not tax-deductible.) PayPal Acct: Feedback:

Donate to VoyForums (PayPal):

Login ] [ Contact Forum Admin ] [ Main index ] [ Post a new message ] [ Search | Check update time | Archives: 1234567[8]910 ]


[ Next Thread | Previous Thread | Next Message | Previous Message ]

Date Posted: Tue, Nov 20 2007, 20:14:56 PST
Author: Celtic Cross Awards Society
Subject: The Late Eileen Colins


Eileen Collins


Ar son Jim Collins agus an teaghlach uilig, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach duine a d’eagraigh an lá seo.


Bean iontach cróga a bhí in Eileen. Ní raibh eagla ar bith uirthi troid ar son cearta sibhialta. Nuair a tháinig Arm na Breataine go Doire ag tús na dtrioblóidí chun leatrom a imirt ar na daoine, ní raibh aon eagla uirthi cur ina n-éadan. Agus bhí sí i gcónaí lánsásta cuidiú le daoine in am an ghá. Is iomaí uair a thug sí tarrtháil ar dhaoine agus iad ag iarraidh a gcearta sibhialta agus náisiúnta a bhaint amach sa chathair seo.


Agus ní raibh sí riamh sásta dearmad a dhéanamh de na daoine a cuireadh i bpríosún. Is iomaí uair a thug sí cuairt ar phríosúnaigh nach raibh mórán cairde eile acu. Is iomaí punt a bhailigh sí thart ar na doirse. Nuair a bhí na príosúnaigh ag iarraidh a gcearta agus iad ar stailc ocrais, níor chaill sí riamh an seans chun cuidiú leo. Agus is iomaí litir a scríobh sí chun a gcroí a thógáil. Agus choinnigh sí ag scríobh litreacha chucu go dtí tamall gairid sula bhfuair sí bás.


Bhí a croí i gcónaí sa chultúr ghaelach agus rinne sí iarracht Gaeilge a fhoghlaim ag na ranganna sa Ghaeláras. Chuir sí beirt mhac dá cuid chun na bunscoile agus chuaigh a lán de chlanna a gclainne ar Bhunscoil Éadan Mhóir.


Ar ndóigh, laoch mór a bhí ina hathair féin, Patrick Sheils. Ach ab é a hathair, is cinnte nach mbeadh mórán de spiorad na saoirse sa chathair seo inniu. Bhí sí i gcónaí iontach bródúil as agus choinnigh sí a chuimhne beo go dtí an lá atá inniu ann.


Saol simplí a chaith sí gan aird a tharraing uirthi féin. Nuair a chuaigh sí go Loch Deirg am ar bith, ní dhearna sí scéal mór de. Ach nuair a bhí daoine faoi leatrom, is cuma cá háit ar domhan, bhí sí i gcónaí lánsásta labhairt amach ar a son.


Bhí dúil mhór ag Eileen sa ghreann agus ní raibh sí riamh faiteach ach bhí sí i gcónaí múinte modhúil. Ní dhearna sí aon scéal mór de na rudaí a rinne sí ar son na tíre. Bhí sí sásta gan a hainm bheith i mbéal na ndaoine agus cuidiú leis an té a raibh cuidiú de dhíth air.


Agus dá mbeadh sí anseo inniu, is cinnte go mbeadh gach duine ag gáire mar níor mhaith léi brón ar bith bheith luaite lena hainm.

[ Next Thread | Previous Thread | Next Message | Previous Message ]


Replies:


Post a message:
This forum requires an account to post.
[ Create Account ]
[ Login ]
[ Contact Forum Admin ]


Forum timezone: GMT+0
VF Version: 3.00b, ConfDB:
Before posting please read our privacy policy.
VoyForums(tm) is a Free Service from Voyager Info-Systems.
Copyright © 1998-2019 Voyager Info-Systems. All Rights Reserved.